An Cóineartú

 

Loinneog don Iontróid

Cór:    Seo é an Lá

______, ______, ______, ______, ______agus ______ ag siúl isteach leis an easpag agus na sagairt.
Cuireann _____ fáilte roimh an Easpag.
A Thiarna Easpaig, cuirimid fáilte romhat inniu chuig Séipéal an Phaidrín Naofa. Fáilte roimh sagairt an pharóiste. Fáilte roimh na tuismitheoirí agus na clannta go léir, agus fáilte speisialta roimh na páistí go léir ó Ranganna 5 agus 6 atá ag déanamh an Cóineartú inniu. Go dtaga an Spiorad Naomh orainn go léir.

An Rolla. Léite ag _______
           
Na Bronntanais: Tráchtaireacht léite ag ________ agus ______.
 
1. Is é Eagna an chéad bhronntanas, atá á iompar ag ______. Cabhraíonn Eagna linn an domhan a fheiceáil tríd súile Críost.
2. Tá bronntanas an Tuiscint ag ______. Ba mhaith linn a bheith tuisceanach i dtreo domhan níos cóire a chruthú.
3. Breithiúnas Cóir atá i lámha ______. Leis an mbronntanas seo, tuigimid an rogha cheart a dhéanamh.
4. Tá bronntanas an Misnigh ag ______. Tá súil againn a bheith láidir agus cróga go leor seasamh suas leis an rogha cheart a dhéanamh.
5. Eolas an bronntanas atá ag ______. Ba mhaith linn ár n-eolas faoi Dhia a threisiú, agus maireachtáil níos mó mar Iosa.
6. Le cráifeacht, an bronntanas atá ag ______, taispeánaimid onóir, meas agus ómós do Dhia. Maraon le sin, tugaimid an meas céanna dár gclannta agus don chomhphobal.
7. Tá an bronntanas Iontas agus Eagla i Láthair Dé ag _____.   Tuigimid glóir agus iontas Dé leis an mbronntanas seo. Cuireann sé i gcuimhne dúinn iontas an domhain, agus gur ceart dúinn é a chosaint.

A.E.     In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
P.        Amen.
A.E.    Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naomh libh go léir.
P.        Agus le do spiorad féin.

           
Gníomh Aithrí
A.E.     Admhaím do Dhia uilechumhachtach, agus daoibhse a bhráithre,
P.  Gur pheacaigh mé go trom,
le smaoineamh agus le
briathar,
le gníomh agus le faillí,

Trí mo chor féin, trí mo chor féin, trí mo mhór-chor féin.
Ar an ábhar sin, impím ort, a Naomh Mhuire Síor-Ógh,
ar na h-aingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre,

guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
      
S.        Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
P.        Amen.
Cór:    A Thiarna Déan Trócaire le ______.
A.E.     Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
           
            An Ghlóir
A.E.     Glóir do Dhia sna harda
P.        Agus ar thalamh síocháin do lucht dea-thola.
Molaimid thú.  Móraimid thú.  Adhraimid thú.
Tugaimid glóir duit.
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
A Thiarna Dia, a Rí na bhFlaitheas
A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh
A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
Tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is naofa, is tú amháin is Tiarna,
Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost.
Mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair,
Amen.

            Urnaí
A.E.     A Dhia na cumhachta agus na trócaire, deonaigh an Spiorad Naomh a theacht, seilbh a thógáil orainn, agus teampall foirfe a ghlóire a dhéanamh dínn. Sin é ár nguí chugat trínár dTiarna.
P.        Amen.

Liotúirge an Bhriathair

An Chéad Léacht     léite ag ______agus ______
Sliocht as Gníomhartha na nAspal: 2:1-11

Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.  Nuair a bhí laethanta na cincíse comhlíonta, bhí siad uile i dteannta a chéile san aon áit amháin.  Agus go tobann tháinig tormán ó neamh, mar ghaoth an-láidir ag teacht, agus líon sé iomlán an tí mar a raibh siad ina suí.  Agus taispeáineadh dóibh teangacha scoilte amhail de thine, agus shuigh ar gach aon neach acu.  Agus líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile agus thosaigh siad uile ag labhairt le teangacha éagsúla, de réir mar a thug an Spiorad Naomh dóibh le labhairt.

Agus bhí Giúdaigh ina gcónaí i Iarusailéim, fir chraifeacha as gach náisiún faoin spéir.  Agus nuair a chuaigh an gháir seo amach, chruinnigh an slua i gceann a chéile, agus bhí a meabhair ina cíor tuathail acu, de bhrí gur chuala gach duine acu iad ag caint ina theanga féin.  Agus bhí uafás agus iontas orthu uile, agus dúirt siad: “Féach, nach Gaililigh iad seo uile atá ag caint?  Agus cad é mar chualamar gach duine againn a theanga féin inar rugadh sinn?  Páirtigh agus Méidigh, Eilimítigh agus muintir na Measpatáime; Iudaia, Capadócia, an Phontais agus Áise; Frigia agus coimhthigh na Róimhe; Giúdaigh fosta agus Comhaltaí nua; Créitigh agus Arabaigh: chualamar iad ag labhairt inár dteangacha féin ar oibreacha iontacha Dé.”

Briathar an Tiarna.
Buíochas le Dia.

Salm
Cór:   Íosa, Cara  mo Chléibh le ______.

An Dara Léacht  léite ag ______agus ______.
Sliocht as céadlitir N. Pól chuig na Cóirintigh: 12:3-7, 12-13.

San aon spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.
A bhráithre, ní féidir le haon duine ‘Is é Íosa an Tiarna’ a rá, ach amháin tríd an Spiorad Naomh.
Anois is iomaí cineál bua atá ann, ach níl ann ach an Spiorad céanna; agus is iomaí cineál freastalachta atá ann, agus is é an Tiarna céanna é; agus is iomaí cineál gníomh atá ann, ach is é an Dia céanna a bhíonn ag oibriú gach ní i ngach uile chás.  Tugtar foilsiú an Spioraid do gach duine faoi leith ar mhaithe le cách.
Faoi mar is aon ní amháin an corp, bíodh go bhfuil mórán ball ann, agus nach bhfuil sna baill go léir, bíodh go bhfuil mórán acu ann, ach an t-aon chorp amháin, sin mar atá ag Críost.  Mar, san aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir, idir Ghiúdaigh is Gréagaigh, idir dhaoir is saoir; agus tugadh an t-aon Spiorad amháin dúinn le hól.

Briathar an Tiarna.
Buíochas le Dia.
Cór:    Alleluia

An Soiscéal
A.E.     Go raibh an Tiarna libh.
P.        Agus le do spiorad féin.
A.E.     Sliocht as an Soiscéal Naofa de réir N. Eoin.
P.        Glóir duit, a Thiarna.

A.E. San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
Agus beidh grá ag m’Athair dó
Agus tiocfaimid chuige
Agus déanfaimid ár n-áras aige.
An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo
bhriathar.      
Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,
Ach leis an Athair a chuir uaidh mé.
           

Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh,
Ach an Cabhróir, an Spiorad Naomh,
A chuirfidh an tAthair uaidh i m’ainmse,
Múinfidh seisean an uile ní daoibh.

Soiscéal an Tiarna.
P.        Moladh duit a Chríost.

 

Sacraimint an Chóineartú
        
        
         An Ghairm
         Glaotar ar na hiarrathóirí chóineartaithe seasamh agus iad féin a chur in iúl.

            Athnuachan Gheallúintí an Bhaiste
A.E.     An ndiúltaíonn sibh an diabhal,
            dá oibreacha go léir agus dá chleasa go léir?
P.        Diúltaím.
A.E.     An gcreideann sibh i nDia an t-Athair uilechumhachtach,      cruthaitheoir Neimhe agus talún?
P.        Creidim.
A.E.     An gcreideann sibh in Íosa Críost,
            a aon Mhacsan, ár dTiarna          
            a rugadh ó Mhuire Ógh,
            a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh,
            a d’éirigh ó mhairbh agus atá anois ina shuí ar dheis an      Athar?
P.        Creidim.
A.E.     An gcreideann sibh sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha, a thiocfaidh anuas oraibh inniu i Sacraimint an Chóineartaithe, mar a tháinig Sé anuas ar na h-aspail Lá    Cincíse?
P.        Creidim.
A.E.     An gcreideann sibh sa Naomh Eaglais Chaitliceach,
i gcomaoin na naomh,
i maithiúnas na bpeacaí,
in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí?
P.  Creidim.
A.E.     Is é seo ár gcreideamh. 
Is é seo creideamh na hEaglaise. 
Ábhar mórtais dúinn é a adhmháil in Íosa Críost ár dTiarna.
P.        Amen.

 

 

Dul Faoi Láimh an Easpaig
A phobal Dé na páirte,
Tríd an mBaiste
Rugadh an chlann seo athuair chun na beatha síoraí
Agus rinne Dia, an t-Athair uilechumhachtach,
Clann altrama díobh.
Iarraimis air an Spiorad Naomh a dháileadh anuas orthu go caoin
Chun iad a neartú le flúirse a bhronntanas
Agus iad a chur i gcosúlacht trína ungadh,
Le Críost Mac Dé.

A Dhia uilechumhachtaigh,
Athair ár dTiarna Íosa Críost,
Shaor tú do chlann anseo ón bpeaca
Le huisce agus leis an Spiorad Naomh
Agus bhronn tú beatha nua orthu.
Tabhair dóibh an Spiorad Naomh, a Thiarna,
Mar threoraí agus mar shólásaí.
Tabhair dóibh spiorad na heagna agus na tuisceana,
Spiorad an bhreithiúnais agus an nirt,
Spiorad an eolais agus an ghrá,
Spiorad na hurraime duit féin.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

 

An tUngadh                    
Le ceol ón gcór (Veni Creator Spiritus agus Dona Nobis Pacem) agus ón ngrúpa cheoil.
Tar Chugam a Spioraid Naoimh: le ______agus ______

A.E.     A ________, glac le séala an Spioraid Naoimh a bhronntar ort.
Páiste            Amen.
A.E.                Síocháin leat.
Páiste            Agus le do spiorad féin.

 

            Guí an Phobail
A.E.     A chlann na páirte, Guímis go humhal chun Dé, an t- Athair uilechumhachtach,
Bímis aontaithe san urnaí, mar táimid aontaithe sa    chreideamh, sa dóchas agus sa ghrá a thagann ón Spiorad Naomh.
 
1    ______: Cuirimis faoi bhrí ár nguí an Pápa Proinsias, ár nEaspag Mícheál, ár sagairt agus pobal Dé. Cuidigh leo bheith naofa agus muid a dhéanamh naofa.                   
     A Thiarna éist linn...       (Canann an cór an freagra gach uair)

2    ______: Go raibh sé de mhisneach ag na gasúir freastal ar Eaglais Dé, pé ar bith bealach a thaispeáineann Dia dóibh.
A Thiarna éist linn...

3    ______: Go neartaí an Spiorad Naomh muid seasamh le Dia Críost agus Eaglais Dé. Nár mbrisfidh muid go deo an geall a thugamar do Chríost nuair a baisteadh muid is nuair a cuireadh faoi láimhe Easpaig muid.                                            
A Thiarna éist linn...

4    ______: Guímis ar son ár n-aithreacha is ár máithreacha.  Go gcuití Dia a gcineáltas leo, agus go raibh siad i gcónaí mórálach as ár ndílseacht i mbun oibre agus cleachtadh creidimh dúinn.         
A Thiarna éist linn...

5    ______: Guímis ar son ár múinteoirí.  Go gcuití Dia a saothar leo agus go méadaigh Sé chuile shórt ar fheabhas acu.  
A Thiarna éist linn...

______: Guímis ar son a bhfuil tinn, sean, uaigneach nó imníoch agus ar son chuile dhuine as an bpobal seo.  Cuirimis ár mairbh féin faoi bhrí ár nguí.                        
A Thiarna éist linn...
   
7    ______: Go mairfidh síocháin an Spioraid Naoimh inár gcroíthe inniu agus de shíor, agus go leathnóidh sí ar fud an domhain chun glór an fhoréigin a chiúiniú go deo.  
A Thiarna éist linn...

8    ______: Guímis ar son riarthóirí ár dtíre agus daoine a bhfuil cúram an phobail orthu.  Go raibh an Spiorad Naomh á dtreorú is á spreagadh le grásta na síochána, an ghrá is an chirt.                 
A Thiarna éist linn…

A Dhia, chuir tú an Spiorad Naomh anuas ar na haspail agus, tríothusan agus trína gcomharthaí, bhronn tú ar an gcuid eile de na firéin é. Éist lenár n-urnaí, agus mar a thug tú toradh fónta ar sheanmóireacht na n-aspal, tabhair an toradh céanna anois freisin i gcroíthe na bhfirean.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.                   
P.        Amen.

An t-Ofráil
A.E.     Ofrálann ______agus ______an fíon agus an t-arán. Roinn Íosa arán agus fíon le na haspail. Leanann sé air ag bronnadh bronntanais a bheatha orainn in arán agus i bhfíon na hEocairiste.

 

Liotúirge na hEocairiste

A.E.     Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit.  An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, is déanfar de arán na beatha dúinn.
P.  Moladh go deo le Dia.
A.E.     Trí rúndiamhair an uisce agus an fhíona seo, go ndéantar
páirteach sinn i ndiagacht an té sin a dheonaigh a bheith     páirteach inár ndaonnacht.
Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur      bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit. An fhíniúin     agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.
P.   Moladh go deo le Dia.
A.E.     Tagaimid i do láthair, a Thiarna Dia, le hómós agus le doilíos croí; go mb’fhiú leat ar an ábhar sin glacadh leis an íobairt seo a ofrálaimid duit inniu. 
Nigh mo chionta díom, a Thiarna, agus glan díom mo           pheacaí.
AE       Guígí, a bhráithre, go nglaca Dia an t-Athair      uilechumhachtach leis an íobairt seo uaimse agus   uaibhse.
P.        Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha, chun   onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinne agus dá Naomh Eaglais uile.
A.E.     Táimid páirteach, a Thiarna, i gcuimhneachán pháis do Mhic trínar thuill Sé an Spiorad Naomh a theacht orainn. Glac go ceansa lenár n-urnaithe agus deonaigh go rachaimid níos mó i gcló do Mhic agus go dtabharfaimid breis fianaise air de shíor.  Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna
P.        Amen.

Preafáid
A.E.     Go raibh an Tiarna libh.
P.        Agus le do spiorad féin.
A.E.     Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P.        Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
A.E.     Gabhaimis buíochas leis an Tiarna Dia.
P.        Is ceart agus is cóir sin.
A.E.     Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is tairbheach buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí.
Óir nuair a bhí sacraimint na Cásca a chur i gcrích agat,       bhronn tú ar an lá seo an Spiorad Naomh ar an muintir a     ndearna tú clann altrama díobh i bpáirt le do Mhac; agus nuair a bhí an Eaglais a bhreith don chéad uair, phréamhaigh an Spiorad sin eolas ar a dhiagacht i gcroí na gciníocha go léir; d’aontaoigh sé na teangacha uile dá éagsúla iad i ndearbhú an t-aon chreidimh.
Uime sin tá an saol mór ag déanamh gairdeas lúcháire ar fud an domhain.  Tá sluaite neimhe agus na cumhachtaí     aingeal ag canadh duain do do ghlóir, á rá gan stad:
Cór:    Is naofa, naofa, naofa thú...

 

Paidir Eocairisteach
A.E.     A Thiarna Dia, is naofa thú go firinneach; is tú tobar na naofachta go léir. Naomhaigh, mar sin, impímid ort, na             bronntanais seo le drúcht do Spioraid, chun go ndéanfaí      díobh inár gcomhair Corp agus + Fuil ár dTiarna, Íosa          Críost. D’fhulaing sé an pháis dá dheoin féin; agus nuair a   bhí sé á thabhairt suas chun a chéasta, thóg sé an t-arán,   ghabh sé buíochas leat, bhris an t-arán, agus thug dá       dheisceabail é, á rá:
                        Glacaigí agus ithigí uile é seo;
                        Óir is é seo mo chorp
                        A thabharfar ar bhur son.
Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir thóg sé an chailís,   ghabh sé buíochas leat arís, agus thug dá dheisceabail í, á rá:
                        Glacaigí agus ólaigí uile aisti seo;
                        Óir is í seo cailís mo chuid fola,
                        Fuil na nuathiomna shíoraí.
                        Doirtfear í ar bhur son
                        Agus ar son an chine dhaonna
                        Chun maithiúnas na bpeacaí.
                        Déanaigí é seo i gcuimhne ormsa.
            Fógraimis rúndiamhair an chreidimh:
Cór:    Fuair sé bás, d’aiséirigh Íosa, tiocfaidh Críost arís (x2)

A.E.     Dá réir sin, a Thiarna Dia, ag cuimhneamh dúinn ar bhás agus ar aiséirí Chríost, ofrálaimid duit arán na beatha agus cailís an tslánaithe, agus gabhaimid buíochas leat toisc      gurbh fhiú leat sinn a bheith inár seasamh i do láthair ag     fónamh duit.
Iarraimid go humhal ort go n-aontófaí le chéile, le cumhacht an Spioraid Naoimh, sinne atá páirteach i gCorp agus i             bhFuil Chríost.
Tabhair chun cuimhne, a Thiarna Dia, d’Eaglais ar fud an    domhain, neartaigh sa charthanacht í, i gcuideachta lenár   bPápa Proinnsias, agus lenár n-Easpag Micheál, agus leis an gcléir uile. Cuimhnigh freisin ar ár muintir féin a fuair bás     agus iad ag súil le haiséirí glórmhar. Cuimhnigh orthu siúd       uile atá imithe ar shlí na fírinne, agus fáiltigh rompu isteach i solas do ghlóire.
Déan trócaire orainn uile, impímid ort, ionas go mb’fhiú sinn a bheith páirteach sa bheatha shíoraí chun tú a mholadh agus a ghlóiriú i gcuideachta na Maighdine Muire, Máthair Dé, na Naomh Aspail agus na naomh uile a rinne do thoilse riamh anall.
Trí do Mhac Íosa Criost.                                                    
P.  Amen.

A.E.     Is tríd, agus leis, agus ann, a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia an tAthair uilechumhachtach, mar aon leis     an Spiorad Naomh, trí shaol na saol,                         
P.        Amen.

Deasghnátha na Comaoineach

A.E.     Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir         dúinn a dhéanamh:
P. Ár nAthair le ______.

S.        Saor sinn ó gach olc, impímid ort a Thiarna.  Tabhair dúinn síocháin lenár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí, agus slán ón uile            bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.
P.        Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an             ghlóir, trí shaol na saol.
S.  A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d’Aspail:  fágaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin.  Ná féach ar ár            bpeacaine, ach ar chreideamh d’Eaglaise.  Tabhair síocháin di agus aontaigh í ina chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol,
P.        Amen.
S.        Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
P.        Agus le do spiorad féin.
S.        Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadraibh.
           
Cór:    Síocháin daoibh go léir
            A Uain Dé
A.E.     Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. 
            Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
P.  A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach           abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Cór:    Is é an Tiarna m’Aoire le ______.
            Ithigí an tArán Seo le ______.

            Fonn mall ‘The Wise Maid’ leis an ngrúpa cheoil:

 

American Indian Prayer
(léite ag  ______agus ______)

O great spirit,
Whose voice I hear in the winds,
And whose breath gives life to all the world,
Hear me, I am small and weak.
I need your strength and your wisdom,
Let me walk in beauty,
And my eyes ever behold the red and purple sunset.
Make my hands respect the things you have taught my people.
Let me learn the lessons you have
Hidden in every leaf and rock.
I seek strength,
Not to be greater than my brother or sister,
But to fight my greatest enemy,
Myself.
Make me ready to come to you
With clean hands and straight eyes,
So when life fades, as the fading sunset,
May my spirit come to you.

 

 

Paidreacha Iar Chomaoineach
(léite ag ______agus ______)
           
A anam Chríost, naomhaigh mé
A chorp Chríost, slánaigh mé
A fhuil Chríost, sáthaigh mé
A uisce as taobh Chríost, nigh mé
A pháis Chríost, neartaigh mé
A Spioraid Naoimh, glaoigh chugat mé
Chun misneach Chríost is seirbhís Dé

A Spioraid Naoimh,
Tugann tú tíolaicí, sólás agus cabhair dúinn.
Cuidigh linn bheith críonna
Le go mbeimid in ann fianaise a thabhairt le ceart a dhéanamh.
Cuidigh linn éisteacht lena chéile go cúramach
Agus cuidigh linn do ghrá a thaispeáint trína ndéanaimid.

 

Iargomaoineach

A.E.     A Thiarna, an mhuintir a d’ungaigh tú leis an Spiorad            Naomh, chothaigh tú iad le sacraimint do Mhic. Tar i gcabhair orthu feasta le do bheannacht agus saor iad ó          gach anachain: go gcuire siad lúcháir ar an eaglais lena      naofacht, agus go gcuire siad chun cinn í lena mbearta   agus lena déirc.
            Sin é ár nguí chugat, trí Chríost ár dTiarna.
P.  Amen.

 

An Gealltanas

            Geallaimse do Dhia, le cúnamh Dé,
            nach n-ólfaidh mé aon deoch mheisciúil go mbeidh mé       aois …
            agus nach dtógfaidh mé drugaí go deo.

Buíochas

______ag gabháil buíochais.

An Bheannacht

A.E.     Bhronn Dia an tAthair uilechumhachtach beatha nua oraibh le huisce agus leis an Spiorad Naomh agus rinne sé clann altrama díobh. Go dtuga seisean a bheannacht           daoibh agus sibh a choinneál faoina choimirce agus a ghrá.
P. Amen.
A.E.     Gheall Íosa Críost, aon Mhac Dé, go bhfanfadh Spiorad na fírinne lena Eaglais go brách. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh agus sibh a neartú lena chumhacht chun an fíor chreideamh a fhógairt.
P.  Amen.
A.E.     Las an Spiorad Naomh tine an ghrá i gcroíthe na       ndeisceabal. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh, agus            sibh a threorú slán i dteannta a chéile isteach i ríocht Dé.
P.  Amen.

Deasgnátha Deiridh

A.E.     Go raibh an Tiarna libh.
P.        Agus le do spiorad féin.
A.E.     Go mbeannaí Dia uilechumhacht sibh; 
            + Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
P.        Amen.
A.E.     Tá an tAifreann thart.  Imígí faoi shíocháin.
P.        Buíochas le Dia.
Cór:    Seo É an Lá

 

Buíochas do na páistí ó Ranganna 3 agus 4 a bhí sa chór.